Bhí seachtain iontach againn i Meán Scoil an Chlochair chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Cuireadh réimse imeachtaí ar siúl. Ina measc bhí seisiún ceoil traidisiúnta sa cheaintín, tráth na gceist, Tae & Plé, tóraíocht taisce, céilí mór agus biongó as Gaeilge. Rinneadh neart cluichí agus amhránaíocht sna ranganna Gaeilge freisin. Bhí Lá Glas againn ar an Aoine agus chaith gach duine éadaí glasa. Bhailíomar airgead ar son an “Ashling Murphy Memorial Fund”. Úsáidtear an t-airgead seo chun ceol, cultúr agus oidhreacht na hÉireann a chur chun cinn agus a fhorbairt.
Maith sibh uilig as páirt a ghlacadh in imeachtaí na seachtaine! Ná déanaigí dearmad “Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste!”
We had an excellent week in MSSK to celebrate Seachtain na Gaeilge. A range of events took place. Amongst them was a traditional music session in the canteen, quizzes, tea & talk, treasure hunt, a big céilí and bingo. There were lots of games and songs during Irish classes also. We had Green Day on Friday and everyone wore green clothes. We collected money for the Ashling Murphy Memorial Fund. This money is used to promote and develop Irish music, culture and heritage.
Well done to everyone who took part in the week’s event. Don’t forget “Broken Irish is better than clever English!”







